TRAINING

DISTANCE LEARNING

Leagan Gaeilge de na léarscáileanna

LÉARSCÁILEANNA STAIRE DOMHANDA I gCOMHAIR TEAGAISC AGUS FOGHLAMA

Is sa chuid seo den láithreán gréasáin a gheobhaidh tú léarscáileanna geostaire.  Inár dtéacsleabhar, “A global history of humanity” - ar féidir é a íoslódáil saor in aisce ón láithreán gréasáin seo - tá léarscáileanna atá deartha chun tacú le múinteoirí agus le daltaí agus iad ag plé le hOideachas na Saoránachta Domhanda.  

Tá rogha léarscáileanna ón téacsleabhar ar fáil lena n-íoslódáil saor in aisce agus is féidir iad a úsáid de réir riachtanais chomhthéacsúla do chuid foghlaimeoirí. Tá roinnt Aonaid Teagaisc agus Foghlama (ATFanna) forbartha againn freisin, ina mbaintear leas as léarscáileanna geostaire mar spreagadh sa rang nó sa bhaile. 

Cosúil lenár dtéacsleabhar, tá na ATFanna díritihe ar an ngaol idir daoine agus an dúlra (agus aird ar leith á tabhairt ar an athrú aeráide); eagrú sóisialta agus neamhionannas (idirnáisiúnta agus inscne); agus próisis imirce.

Cén chaoi na léarscáileanna a úsáid i gcomhair teagaisc

Is féidir ár léarscáileanna neamhspleácha agus na ATFanna ina mbaintear leas as léarscáileanna a úsáid mar bhunús le haghaidh rang iomlán, obair ghrúpa nó foghlaim neamhspleách, cibé acu ar scoil nó i gcomhthéacsanna cianfhoghlama. 

Is féidir ár léarscáileanna neamhspleácha agus na ATFanna ina mbaintear leas as léarscáileanna a úsáid mar chuid d’aonaid foghlama in ábhair/i ngearrchúrsaí amhail Stair; Tíreolaíocht; Oideachas Saoránach Sóisialta Polaitiúil (OSSP); agus An Pholaitíocht agus an tSochaí.

Íoslódáil léarscáileanna neamhspleácha agus ATFanna ina mbaintear leas as léarscáileanna thíos.

LÉARSCÁIL DE BHALLSTÁIT NA NÁISIÚN AONTAITHE DE RÉIR DHÁTA A LIGEAN ISTEACH

Is é is aidhm leis an léarscáil seo, mar aon leis na ceisteanna/na taisc atá ag gabháil léi, ná feasacht a ardú ar an tionchar a bhíonn ag an am atá thart ar an am i láthair. Cabhróidh sé le daltaí machnamh a dhéanamh ar an neamhleanúnachas mar ghné ríthábhachtach den phróiseas stairiúil.

LÉARSCÁILEANNA POINTÍ CINÍOCHA

Is é is aidhm leis na léarscáileanna seo, mar aon leis na ceisteanna/na taisc atá ag gabháil leo, ná feasacht a ardú ar éagsúlacht agus comhionannas. Cabhróidh siad le daltaí úsáid a bhaint as scálaí geografacha éagsúla le hanailís a dhéanamh ar cheist áirithe.

LÉARSCÁIL D’FHEACHTAÍ AGUS GÍRFHEACHTAÍ AIGÉIN: PAISTÍ DRAMHAÍOLA PLAISTÍ

Is é is aidhm leis na léarscáileanna seo, mar aon leis na ceisteanna/na taisc atá ag gabháil leo, ná feasacht a ardú ar an dochar a dhéanann plaisteach dár bhfarraigí agus dár n-aigéin. Cabhróidh siad le daltaí tuiscint a fháil ar an gcaoi a bhfuil mórdhúshláin idirnáisiúnta fite fuaite ina chéile, chomh maith le húsáid a bhaint as scálaí geografacha éagsúla le breathnú go mion ar na mórdhúshláin sin.

GRAF DE NA TÍORTHA A BHFUIL CÓRAS DAONLATHAIS PHARLAIMINTIGH ACU – AN 20Ú hAOIS

Is é is aidhm leis an ngraf seo, mar aon leis na ceisteanna/na taisc atá ag gabháil leis, ná feasacht a ardú ar an tionchar a bhíonn ag an am atá thart ar an am i láthair. Cabhróidh sé le daltaí machnamh a dhéanamh ar an neamhleanúnachas mar ghné ríthábhachtach den phróiseas stairiúil.

GRAF D’ÍDIÚ FOINSÍ FUINNIMH NEAMH-INATHNUAITE AR FUD AN DOMHAIN ÓN NAOÚ hAOIS DÉAG

Is é is aidhm leis an ngraf seo, mar aon leis na ceisteanna/na taisc atá ag gabháil leis, ná feasacht a ardú ar an dochar a dhéantar don chomhshaol nuair a bhaintear úsáid as foinsí fuinnimh neamh-inathnuaite. Cabhróidh sé le daltaí tuiscint a fháil ar na ceangail dhomhanda atá ann agus ar an ngá atá le maireachtáil inbhuanaithe, fhreagrach.

LÉARSCÁIL DEN DÍCHOILÍNIÚ TAR ÉIS AN DARA COGADH DOMHANDA AGUS AN GHLUAISEACHT NEAMHAILÍNITHE

Is é is aidhm leis an léarscáil seo, mar aon leis na ceisteanna/na taisc atá ag gabháil léi, ná feasacht a ardú ar na tíortha agus ar na daoine atá taobh amuigh den ‘Domhan Thiar Thuaidh’, agus ar ról na dtíortha ‘Thiar Thuaidh’ sa tréimhse tar éis an dara cogadh domhanda. Cabhróidh sí le daltaí léargas a fháil ar cheist trí shúile go leor daoine éagsúla.

GRAFAIC FAISNÉISE MAIDIR LE hIMIRCE ÓN EORAIP, 1846 - 1932

Is é is aidhm leis an léarscáil seo, mar aon leis na ceisteanna/na taisc atá ag gabháil léi, ná feasacht a ardú go bhfuil imircigh as na ceithre hairde ag bogadh ar fud an bhaill leis na cianta ar na cúiseanna céanna. Cabhróidh sí le daltaí léargas a fháil ar cheist trí shúile go leor daoine éagsúla

LÉARSCÁIL DEN TÁIRGEADH DOMHANDAITHE: CÁS GHRÚPA FERRERO

Is é is aidhm leis an léarscáil seo, mar aon leis na ceisteanna/na taisc atá ag gabháil léi, ná feasacht a ardú ar thionchar comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíoch na múnlaí táirgthe siúd atá bunaithe ar shlabhraí fada soláthair agus meáite ar chostchiorrú agus dílogánú. Cabhróidh sí le daltaí machnamh a dhéanamh ar an bhfreagracht aonair a bhíonn orthu nuair a dhéanann siad cinntí mar thomhaltóirí.

LÉARSCÁILEANNA DE MHARBHCHRIOSANNA UISCEACHA AGUS CAILLIÚINT BITHÉAGSÚLACHTA

Is é is aidhm leis na léarscáileanna seo, mar aon leis na gníomhaíochtaí atá ag gabháil leo, ná feasacht a ardú ar na rioscaí agus ar na hiarmhairtí a bhaineann le díghrádú agus cailliúint mhuirí agus bithéagsúlachta d’fhonn béim a leagan ar a thábhachtaí atá sé do dhaoine a stíl mhaireachtála a athrú.

LÉARSCÁIL/GRAF MAIDIR LE CEIST AN ATHRAITHE AERÁIDE

Is é is aidhm leis an léarscáil agus an graf seo, mar aon leis na ceisteanna/na taisc atá ag gabháil leo, ná feasacht a ardú ar ídiú foinsí fuinnimh neamh-inathnuaite agus ar na hiarmhairtí comhshaoil agus sóisialta a mbaineann leis. Cabhróidh siad le daltaí tuiscint a fháil ar na ceangail dhomhanda atá ann agus machnamh a dhéanamh ar iompar agus bearta atá freagrach go sóisialta agus ó thaobh an chomhshaoil de.

LÉARSCÁIL D’FHORLEATHNÚ NA LOCHLANNACH, c. 1000 CR

Is féidir feasacht a spreagadh leis an léarscáil seo agus leis na ceisteanna a ghabhann léi faoi na hidirnaisc dhomhanda a bhíodh ann tá níos mó ná 1000 bliain ó shin; agus is féidir leo tacú le cumas daltaí chuntuiscint a fháilar choincheapa stairiúla ó pheirspictíochtaí iomadúla.

LÉARSCÁIL AR LEATHADH SHAOTHRÚ AN CHÁNA SIÚCRA

Is féidir feasacht a spreagadh leis na léarscáileanna seo agus ceisteanna/tascanna comhbhainteacha maidir leis na naisc idir gníomhaíochtaí eacnamaíocha, imeachtaí daonna domhanda agus éagothroimí méadaitheacha; agus tacaíocht a thabhairt do chumas na ndaltaí tuiscint a fháil ar na hidirnaisc idir am, spás agus imeachta.