TRAINING

DISTANCE LEARNING

Leagan Gaeilge de na léarscáileanna

LÉARSCÁILEANNA STAIRE DOMHANDA I gCOMHAIR TEAGAISC AGUS FOGHLAMA

Is sa chuid seo den láithreán gréasáin a gheobhaidh tú léarscáileanna geostaire.  Inár dtéacsleabhar, “A global history of humanity” - ar féidir é a íoslódáil saor in aisce ón láithreán gréasáin seo - tá léarscáileanna atá deartha chun tacú le múinteoirí agus le daltaí agus iad ag plé le hOideachas na Saoránachta Domhanda.  

Tá rogha léarscáileanna ón téacsleabhar ar fáil lena n-íoslódáil saor in aisce agus is féidir iad a úsáid de réir riachtanais chomhthéacsúla do chuid foghlaimeoirí. Tá roinnt Aonaid Teagaisc agus Foghlama (ATFanna) forbartha againn freisin, ina mbaintear leas as léarscáileanna geostaire mar spreagadh sa rang nó sa bhaile. 

Cosúil lenár dtéacsleabhar, tá na ATFanna díritihe ar an ngaol idir daoine agus an dúlra (agus aird ar leith á tabhairt ar an athrú aeráide); eagrú sóisialta agus neamhionannas (idirnáisiúnta agus inscne); agus próisis imirce.

Cén chaoi na léarscáileanna a úsáid i gcomhair teagaisc

Is féidir ár léarscáileanna neamhspleácha agus na ATFanna ina mbaintear leas as léarscáileanna a úsáid mar bhunús le haghaidh rang iomlán, obair ghrúpa nó foghlaim neamhspleách, cibé acu ar scoil nó i gcomhthéacsanna cianfhoghlama. 

Is féidir ár léarscáileanna neamhspleácha agus na ATFanna ina mbaintear leas as léarscáileanna a úsáid mar chuid d’aonaid foghlama in ábhair/i ngearrchúrsaí amhail Stair; Tíreolaíocht; Oideachas Saoránach Sóisialta Polaitiúil (OSSP); agus An Pholaitíocht agus an tSochaí.

Íoslódáil léarscáileanna neamhspleácha agus ATFanna ina mbaintear leas as léarscáileanna thíos.

LÉARSCÁILEANNA AR CHRÍOCHDHEIGHILT IDIR AN PHORTAINGÉIL AGUS AN SPÁINN I gCONARTHAÍ TORDESILLAS (1494) AGUS ZARAGOZA (1529) AGUS AR IMPIREACHT NA PORTAINGÉILE, 1400í-1900í

Is féidir leis na léarscáileanna seo agus ceisteanna/tascanna comhbhainteacha feasacht a spreagadh faoi fhairsinge an choncais choilínigh; agus is féidir leo tacú le cumas daltaí tuiscint a fháil ar thionchar an choilíneachais mar chionsiocair leis an éagothroime i saol an lae inniu.

LÉARSCÁIL AR LEATHNÚ NA MONGÓLACH SA 13ú CÉAD AGUS NA CONAIRÍ TAISCÉALAÍOCHTA AG IBN BATTUTA (1325-1353), ZHENG HE (1405-1433) AGUS MARCO POLO (1271-1295)

Is féidir feasacht a spreagadh leis na léarscáileanna agus ceisteanna/tascanna comhbhainteacha maidir leis na himpireachtaí agus na figiúirí móra le rá ón stair arb iondúil nach ndéantar staidéar chomh minic sin orthu; agus tacóidh siad le cumas na ndaltaí tuiscint a fháil ar an tábhacht a bhaineann le breathnú ar an stair ó pheirspictíochtaí éagsúla.

LÉARSCÁILEANNA AR A LÉIRÍTEAR ÉAGSÚLACHT NA dTEANGACHA ROIMH AN gCOILÍNIÚ EORPACH AGUS ÉAGSÚLACHT NA dTEANGACHA DOMHANDA IN UACHTAR AN LÁ INNIU ANN

Is féidir leis na léarscáileanna agus ceisteanna/tascanna comhbhainteacha feasacht a spreagadh archailliúint na héagsúlachta teangacha mar thoradh ar an gcoilíniú Eorpach; agus is féidir leo tacú le cumas daltaí chun íogaireacht a léiriú do chosaint na mionteangacha an lá inniu ann.

LÉARSCÁILEANNA AR NA PRÍOMHIMPIREACHTAÍ DOMHANDA IDIR NA BLIANTA 3500 RCR - 250 CR, AGUS 1400 CR

Is féidir leis na léarscáileanna seo agus na ceisteanna/tascanna comhbhainteacha tacú le cumas na ndaltaí chun tuiscint a fháil ar choincheapa stairiúla an leanúnachais agus an athraithe.

LÉARSCÁILEANNA AR NA CONAIRÍ A GHABH NA TAISCÉALAITHE IBN BATTUTA (1325-1353), ZHENG HE (1405-1433) AGUS MARCO POLO (1271-1295), AGUS LE LINN RÉ NA TAISCÉALAÍOCHTA EORPAÍ IDIR AN15ú AGUS AN 16ú CÉAD

Is féidir feasacht a spreagadh leis na léarscáileanna agus na ceisteanna/tascanna comhbhainteacha ar na hidirnaisc dhomhanda roimh an taiscéalaíocht Eorpach; agus is féidir leo tacú le cumas na ndaltaí tuiscint a fháil archoincheapa stairiúla ó pheirspictíochtaí iomadúla.

LÉARSCÁIL AR AN TRÁDÁIL EOR-AFRA-ÁISEACH, 750-1500 CR

Is féidir feasacht a spreagadh leis na léarscáileanna agus ceisteanna/tascanna comhbhainteacha maidir leis conairí trádála móra le linn na gcéadta roimh an gconcas ar chríocha Mheiriceá; agus tacaíonn siad le cumas na ndaltaí a thuiscint gur féidir le córais eacnamaíocha a bheith rathúil agus gur féidir leo meathlú le himeacht ama.

LÉARSCÁIL AR IDIRMHALARTÚ PLANDAÍ, AINMHITHE AGUS GALAR MAR THORADH AR THAISCÉALAÍOCHT AGUS COILÍNIÚ I gCRÍOCHA MHEIRICEÁ

Is féidir leis na léarscáileanna seo agus ceisteanna/tascanna comhbhainteacha feasacht a spreagadhfaoi idirmhalartuithe agus idirnaisc dhomhanda san am atá caite; agus is féidir leo tacú le cumas na ndaltaí tuiscint a fháil ar an gcaoi a bhfeidhmíonn an t-idirmhalartú san am caite tionchar leanúnach ar ár saol an lá inniu ann.

LÉARSCÁILEANNA AR CHOILÍNIÚ NA hAFRAICE, 1875 AGUS 1914

Is féidir feasacht a spreagadh leis na léarscáileanna agus ceisteanna/tascanna comhbhainteacha seo ar mhéid agus ar luas an choncais Eorpaigh ar ilchríoch na hAfraice; agus tacaíonn siad le cumas daltaí machnamh a dhéanamh ar éifeachtaí an choilíneachais anuas go dtí an lá inniu ann.

LÉARSCÁIL AR DHAONRA NA gCATHRACHA IS MÓ I SAOL ÁR LINNE THIAR SA TRÍÚ CÉAD DÉAG

Is féidir feasacht a spreagadh leis an léarscáil agus ceisteanna/tascanna comhbhainteacha seo maidir leis an gcaoi ina mbíonn leibhéil daonra uirbeach nasctha le líonraí trádála agus cultúrtha; agus tacaíonn siad le cumas daltaí tuiscint a fháil gur féidir an tábhacht a bhaineann le hionaid uirbeacha athrú le himeachta ama agus idir réigiúin.

LÉARSCÁIL AR NA CATHRACHA LEIS AN DAONRA BA MHÓ SA 13Ú agus 19Ú CÉAD

Is féidir feasacht a spreagadh leis an léarscáil agus ceisteanna/tascanna comhbhainteacha seo maidir leis an gcaoi ina mbíonn leibhéil daonra uirbeacha nasctha le líonraí trádála agus cultúrtha; agus tacaíonn siad le cumas daltaí tuiscint a fháil gur féidir an tábhacht a bhaineann le hionaid uirbeacha athrú le himeachta ama agus idir réigiúin.

LÉARSCÁILEANNA AR IMPIREACHTAÍ NA nASTACACH AGUS NA nINCEACH ROIMH THEACHT NA nEORPACH AGUS DÁ nÉIS

Is féidir feasacht a spreagadh leis na léarscáileanna seo agus le ceisteanna/tascanna comhbhainteacha maidir le tionchar an choilíneachais ar an tsochaí, ar an ngeilleagar agus ar an gcomhshaol.